An Chéad Cheacht, Ceacht a hAon, ar Lean
Ensimmäinen oppitunti, oppitunti yksi, jatkuu
An Téacs
An Múinteoir: Dia duit!
An Scoláire: Dia is Muire duit.
An Múinteoir: Cé thú féin?
An Scoláire: Is foghlaimeoir mé.
An Múinteoir: An Éireannach thú?
An Scoláire: Ní hea. Ní hea in aon chor. Is Fionlannach mé.
An Múinteoir: An fíor é? Bhail, is cuma. Ní Éireannach mé ach an oiread. Is Sasanach mé, ach is Gaeilgeoir mé freisin.
An Scoláire: An amhlaidh? Is dóigh liom gur deacair don Éireannach an méid sin a chreidiúint.
An Múinteoir: Is fíor duit.
Is foghlaimeoir é Julle Kukkonen. Ní Éireannach é. Is Fionlannach é. Deir sé gur Gaeilgeoir é. Deir sé gurb é an Gaeilgeoir Mór féin é. "Nach Éireannach thú?" a deirtear leis go minic. "An mac léinn tú?" a fhiafraítear de freisin. "Ní mac léinn mé", a deir sé. "Is léachtóir mé. Ach is foghlaimeoir mé freisin."
Is foghlaimeoir í Sorcha Ní Shúilleabháin fosta. Deir sí gurb Éireannach í. Is Éireannach é a hathair, ach is Sasanach í a máthair. Is as Learphall dóibh. Is iomaí Éireannach a chuaigh go Learphall ar lorg oibre.
An é Esko Aho an tUachtarán? Ní hé. Is í Tarja Halonen an tUachtarán.
Nach é Paavo Lipponen an Príomh-Aire? Ní hé. Is é Matti Vanhanen an Príomh-Aire.
An sceimhlitheoir é Osama bin Laden? Is ea. Is sceimhlitheoir é.
Nach deachtóir é Saddam Hussein? Is ea. Ach tá sé as oifig anois.
An ealaíontóir é George W. Bush? Ní hea. Is polaiteoir é.