sunnuntaina, maaliskuuta 20, 2005

Ceacht a Dó, an Dara Ceacht - Oppitunti kaksi, toinen oppitunt - An Téacs - Teksti


Tá Máirtín ag obair i mBaile Átha Cliath. Cén sórt oibre atá aige? Is múinteoir é. Tá sé ag múineadh Gaeilge do dhaltaí meánscoile. Tá na daltaí cantalach. Tá siad ag déanamh clampar go minic. Ní suim leo Gaeilge a fhoghlaim. Is iad na rudaí is suim leo ná ceol, ól agus drugaí. Ní suim leo cúrsaí grá. Tá na buachaillí róchotúil, agus na cailíní róbhródúil. Tá siad ag caitheamh anuas ar an múinteoir. Tá siad ag fáil an cheachta ródheacair. Ní maith leo a dhath a dhéanamh ar mhaithe leis an scoil. Tá Máirtín míshásta leis na daltaí. Tá sé míshásta leis an obair ar fad. Ní maith leis a chuid ama a chur amú ag múineadh daltaí dána. Is maith leis leabhair a léamh agus comhrá a dhéanamh os cionn pionta leanna. Ní maith leis an iomarca a ól. Is fuath leis cuideachta a dhéanamh do dhaoine ar meisce. Is fear stuama é i gcúrsaí na dí.

Tá Cathal ag obair i dteach tábhairne. Tá Máirtín ag teacht isteach. Tá Máirtín ag labhairt le Cathal. Tá Máirtín ag iarraidh ar Chathal pionta a dhíol leis. Tá Cathal ag síneadh an phionta chuige. Tá Máirtín ag caitheamh anuas ar na daltaí. Tá Máirtín ag ól an phionta. Tá Máirtín ag iarraidh pionta eile ar Chathal. Tá Cathal ag fiafraí de, cad é a chuir a leithéid d'fhonn ólacháin air. "Na scoláirí", atá Máirtín a rá le Cathal. "Tuigim", atá Cathal a rá le Máirtín.